Tuairiscítear gur maraíodh ceathrar in ionsaithe aeir a rinne fórsaí míleata Iosrael ar dhá ionad i ndeisceart Gaza ar maidin inniu.
Maraíodh triúr ón teaghlach céanna, cailín bliain d'aois ina measc, in ionsaí a rinneadh ar theach i gcathair Khan Younis, dar leis na húdaráis sláinte ansin.
Is i mbaile comharsanachta Abasan al-Kabira a maraíodh an duine eile.
Mharaigh na hIosraelaigh 27 Palaistíneach in Gaza inné in ainneoin go bhfuil sos comhraic in ainm a bheith i bhfeidhm san iamhchríoch.
Go deimhin, áirítear 312 Palaistíneach a bheith maraithe ag na hIosraelaigh ó fógraíodh an sos comhraic cúig seachtaine ó shin.
Mhaígh na hIosraelaigh gur dírithe ar lucht Hamas a bhí na hionsaithe.
Bhí baint mhór ag taidhleoirí ó Chatar leis an sos comhraic a shocrú agus cháin rialtas na tíre sin "ionsaithe brúidiúla" na nIosraelach.
I ráiteas, dúirt roinn gnóthaí eachtracha Chatar go raibh baol mór ann go mbainfeadh na ruathair rialta an bonn den sos comhraic.
Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ


