Skip to main content
< ar ais go TG4.ie

Nuacht TG4

 

Gaza: 31 Palaistíneach maraithe ag Iosrael le dhá lá

20 SAMHAIN 2025, 15:23

Na mairbh á gcaoineadh ag a ndaoine muinteartha taobh amuigh d'Ospidéal Nasser in Khan Younis, 20 Samhain 2025
X Facebook

Tuairiscítear gur maraíodh ceathrar in ionsaithe aeir a rinne fórsaí míleata Iosrael ar dhá ionad i ndeisceart Gaza ar maidin inniu.

Maraíodh triúr ón teaghlach céanna, cailín bliain d'aois ina measc, in ionsaí a rinneadh ar theach i gcathair Khan Younis, dar leis na húdaráis sláinte ansin.

Is i mbaile comharsanachta Abasan al-Kabira a maraíodh an duine eile.

Mharaigh na hIosraelaigh 27 Palaistíneach in Gaza inné in ainneoin go bhfuil sos comhraic in ainm a bheith i bhfeidhm san iamhchríoch.

Go deimhin, áirítear 312 Palaistíneach a bheith maraithe ag na hIosraelaigh ó fógraíodh an sos comhraic cúig seachtaine ó shin.

Mhaígh na hIosraelaigh gur dírithe ar lucht Hamas a bhí na hionsaithe.

Bhí baint mhór ag taidhleoirí ó Chatar leis an sos comhraic a shocrú agus cháin rialtas na tíre sin "ionsaithe brúidiúla" na nIosraelach.

I ráiteas, dúirt roinn gnóthaí eachtracha Chatar go raibh baol mór ann go mbainfeadh na ruathair rialta an bonn den sos comhraic.

Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ