Maraíodh beirt fhear agus gortaíodh roinnt daoine i dtimpiste bóthair a bhí i gCo na Mí go moch ar maidin inniu.
Bhí leoraí, bus agus gluaisteán bainteach leis an tionóisc a tharla ar bhóthar an R132 i mBaile Mhic Gormáin roimh bhreacadh an lae ag thart ar 6.30.
Tiománaí an leoraí agus tiománaí an bhus an bheirt a maraíodh.
Sna daichidí a bhí tiománaí an leoraí agus sna caogaidí a bhí tiománaí an bhus agus deir na Gardaí gur cailleadh iad ar an láthair.
Gortaíodh go dona tiománaí an ghluaisteáin, bean sna daichidí, agus cailín sna déaga a bhí sa ghluaisteán léi.
Tugadh an bhean chuig Ospidéal Beaumont i mBaile Átha Cliath agus is in Ospidéal na Leanaí Shráid Temple atá an cailín.
Gortaíodh roinnt de na paisinéirí a bhí ar an mbus, ar le Bus Éireann í, ach tuigtear nach bhfuil aon duine acu i mbaol báis.
Is cosúil gur ag teacht aduaidh as Droichead Átha i gCo Lú a bhí an bus, ar a bealach go Baile Átha Cliath.
An-ghar don áit a mbíodh teach ósta an Huntsman a tharla an brúscán.
Is iad na Gardaí i gCill Dhéagláin atá ag fiosrú na tubaiste agus tá siad ag achainí ar aon duine a bhí ag tiomáint sa cheantar idir 5.45 agus 6.45 ar maidin teacht chun cainte leo, go háirithe má tá íomhánna ó cheamara deaise acu.
Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ


