Skip to main content
< ar ais go TG4.ie

Nuacht TG4

 

Beirt maraithe, roinnt gortaithe i dtimpiste bóthair i gCo na Mí

24 SAMHAIN 2025, 16:27

Láthair na timpiste ar bhóthar an R132 i mBaile Mhic Gormáin i gCo na Mí
X Facebook

Maraíodh beirt fhear agus gortaíodh roinnt daoine i dtimpiste bóthair a bhí i gCo na Mí go moch ar maidin inniu.

Bhí leoraí, bus agus gluaisteán bainteach leis an tionóisc a tharla ar bhóthar an R132 i mBaile Mhic Gormáin roimh bhreacadh an lae ag thart ar 6.30.

Tiománaí an leoraí agus tiománaí an bhus an bheirt a maraíodh.

Sna daichidí a bhí tiománaí an leoraí agus sna caogaidí a bhí tiománaí an bhus agus deir na Gardaí gur cailleadh iad ar an láthair.

Gortaíodh go dona tiománaí an ghluaisteáin, bean sna daichidí, agus cailín sna déaga a bhí sa ghluaisteán léi.

Tugadh an bhean chuig Ospidéal Beaumont i mBaile Átha Cliath agus is in Ospidéal na Leanaí Shráid Temple atá an cailín.

Gortaíodh roinnt de na paisinéirí a bhí ar an mbus, ar le Bus Éireann í, ach tuigtear nach bhfuil aon duine acu i mbaol báis.

Is cosúil gur ag teacht aduaidh as Droichead Átha i gCo Lú a bhí an bus, ar a bealach go Baile Átha Cliath.

An-ghar don áit a mbíodh teach ósta an Huntsman a tharla an brúscán.

Is iad na Gardaí i gCill Dhéagláin atá ag fiosrú na tubaiste agus tá siad ag achainí ar aon duine a bhí ag tiomáint sa cheantar idir 5.45 agus 6.45 ar maidin teacht chun cainte leo, go háirithe má tá íomhánna ó cheamara deaise acu.

Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ