Sa Phríomh-Chúirt Choiriúil, ciontaíodh fear 55 bliain d'aois ina mháthair a dhúnmharú i gCo Chiarraí os cionn trí bliana ó shin.
Phléadáil Billy Burns neamhchiontach i ndúnmharú Miriam Burns ar an mbonn go raibh sé as a mheabhair.
Fuarthas corp Miriam Burns, a bhí 75 bliain, ina teach cónaithe in eastát Ard Seanbhuaile i gCill Airne ar an 15 Lúnasa 2022.
Is amhlaidh a tachtadh í agus a buaileadh í san éadan, sa mhuineál, sa droim agus sna cosa.
Bhí tuairimí éagsúla ag síciatraithe ar son an ionchúisimh agus ar son an chosantóra maidir le staid intinne Billy Burns nuair a mharaigh sé a mháthair.
Dar leis an ionchúiseamh gur mí-úsáid drugaí agus alcóil a thug air a mháthair a mharú, chomh maith le fearg.
Mhaígh an t-abhcóide cosanta, áfach, gur bhain taom síocóise do Billy Burns, a bhí bainteach le neamhord dépholach, nuair a rinne sé an marú.
Ar deireadh, níor ghlac an giúiré leis an argóint dhéanach sin agus chiontaigh siad an cúisí i ndúnmharú tar éis dóibh sé huaire an chloig a chaitheamh ag cíoradh na ceiste.
Gearrfar pianbhreith ar Billy Burns Dé hAoine seo chugainn.
Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ


