Skip to main content
< ar ais go TG4.ie

Nuacht TG4

 

Fear ciontaithe i ndúnmharú a mháthar i gCo Chiarraí

24 SAMHAIN 2025, 15:37

Fuarthas corp Miriam Burns ina teach cónaithe ar an 15 Lúnasa 2022
X Facebook

Sa Phríomh-Chúirt Choiriúil, ciontaíodh fear 55 bliain d'aois ina mháthair a dhúnmharú i gCo Chiarraí os cionn trí bliana ó shin.

Phléadáil Billy Burns neamhchiontach i ndúnmharú Miriam Burns ar an mbonn go raibh sé as a mheabhair.

Fuarthas corp Miriam Burns, a bhí 75 bliain, ina teach cónaithe in eastát Ard Seanbhuaile i gCill Airne ar an 15 Lúnasa 2022.

Is amhlaidh a tachtadh í agus a buaileadh í san éadan, sa mhuineál, sa droim agus sna cosa.

Billy Burns, accused of murdering his mother in Killarney in 2022
Billy Burns

Bhí tuairimí éagsúla ag síciatraithe ar son an ionchúisimh agus ar son an chosantóra maidir le staid intinne Billy Burns nuair a mharaigh sé a mháthair.

Dar leis an ionchúiseamh gur mí-úsáid drugaí agus alcóil a thug air a mháthair a mharú, chomh maith le fearg.

Mhaígh an t-abhcóide cosanta, áfach, gur bhain taom síocóise do Billy Burns, a bhí bainteach le neamhord dépholach, nuair a rinne sé an marú.

Ar deireadh, níor ghlac an giúiré leis an argóint dhéanach sin agus chiontaigh siad an cúisí i ndúnmharú tar éis dóibh sé huaire an chloig a chaitheamh ag cíoradh na ceiste.

Gearrfar pianbhreith ar Billy Burns Dé hAoine seo chugainn.

Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ