Deir na Gardaí gur maraíodh fear óg nuair a lámhachadh é de thimpiste agus é ag sealgaireacht i gCo Cheatharlach tráthnóna inné.
Tharla an tubaiste i gceantar tuaithe in aice le Leithghlinn an Droichid.
Sna mionfhichidí a bhí an fear a maraíodh agus bhí sé ag sealgaireacht sionnach in éineacht le fear eile, cara leis, nuair a lámhachadh é.
Ní mheasann na Gardaí aon fheillbheart a bheith i gceist.
Tá scrúdú teicniúil á dhéanamh acu ar láthair na tubaiste.
Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ


