Skip to main content
< ar ais go TG4.ie

Nuacht TG4

 

Fear lámhachta, maraithe i dtubaiste sealgaireachta

03 NOLLAIG 2025, 15:43

Tá crúdú teicniúil á dhéanamh ag na Gardaí ar láthair na tubaiste i Leithghlinn an Droichid i gCo Cheatharlach
X Facebook

Deir na Gardaí gur maraíodh fear óg nuair a lámhachadh é de thimpiste agus é ag sealgaireacht i gCo Cheatharlach tráthnóna inné.

Tharla an tubaiste i gceantar tuaithe in aice le Leithghlinn an Droichid.

Sna mionfhichidí a bhí an fear a maraíodh agus bhí sé ag sealgaireacht sionnach in éineacht le fear eile, cara leis, nuair a lámhachadh é.

Ní mheasann na Gardaí aon fheillbheart a bheith i gceist.

Tá scrúdú teicniúil á dhéanamh acu ar láthair na tubaiste.

Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ