Skip to main content
< back to TG4.ie

Irish News

 

Bean go dona tinn tar éis do mhadra í a ionsaí

31 DECEMBER 2025, 10:42

Tugadh an bhean a ionsaíodh ar héileacaptar go hOspidéal an Mater i mBaile Átha Cliath
X Facebook

Gortaíodh bean sna caogaidí go dona nuair a d'ionsaigh madra í i dteach i gCeatharlach inné.

Tharla an eachtra i dteach in eastát Ghort na bhFuinseog ar cholbha theas bhaile Cheatharlach ag thart ar 2 a chlog tráthnóna inné.

Tugadh an bhean ar héileacaptar go hOspidéal an Mater i mBaile Átha Cliath, áit a bhfuil sí go dona tinn fós.

Tuigtear gur Bulaí XL a bhí sa mhadra, pór ar cuireadh srianta air sa tír seo i mbliana.

Is cosúil gur peata ag lucht an tí a bhí sa mhadra.

Mharaigh tréidlia an madra ar an láthair.

Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ