Gortaíodh bean sna caogaidí go dona nuair a d'ionsaigh madra í i dteach i gCeatharlach inné.
Tharla an eachtra i dteach in eastát Ghort na bhFuinseog ar cholbha theas bhaile Cheatharlach ag thart ar 2 a chlog tráthnóna inné.
Tugadh an bhean ar héileacaptar go hOspidéal an Mater i mBaile Átha Cliath, áit a bhfuil sí go dona tinn fós.
Tuigtear gur Bulaí XL a bhí sa mhadra, pór ar cuireadh srianta air sa tír seo i mbliana.
Is cosúil gur peata ag lucht an tí a bhí sa mhadra.
Mharaigh tréidlia an madra ar an láthair.
Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ


