Skip to main content
< back to TG4.ie

Irish News

 

Fear a ionsaíodh i gCo Ros Comáin an-dona tinn

02 JANUARY 2026, 15:55

Tá cóir leighis á chur ar an bhfear in Ospidéal Beaumont i mBaile Átha Cliath
X Facebook

Tá fear sna tríochaidí an-dona tinn san ospidéal de bharr ionsaí brúidiúil a rinneadh air i gCo Ros Comáin arú aréir Oíche Chinn Bhliana.

Tugadh farra faoin bhfear ar Shráid na Beairice i mBealach an Doirín ag thart ar 1 a chlog ar maidin.

Tugadh é go hOspidéal Beaumont i mBaile Átha Cliath, áit a bhfuil fíor-dhrochbhail air.

Is iad na Gardaí sa Chaisleán Riabhach atá ag fiosrú an ionsaithe agus tá siad ag achainí ar aon duine a bhí sa cheantar ag an am teacht chun cainte leo, go háirithe má tá íomhánna ó cheamara deaise acu.

Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ