Tá fear sna tríochaidí an-dona tinn san ospidéal de bharr ionsaí brúidiúil a rinneadh air i gCo Ros Comáin arú aréir Oíche Chinn Bhliana.
Tugadh farra faoin bhfear ar Shráid na Beairice i mBealach an Doirín ag thart ar 1 a chlog ar maidin.
Tugadh é go hOspidéal Beaumont i mBaile Átha Cliath, áit a bhfuil fíor-dhrochbhail air.
Is iad na Gardaí sa Chaisleán Riabhach atá ag fiosrú an ionsaithe agus tá siad ag achainí ar aon duine a bhí sa cheantar ag an am teacht chun cainte leo, go háirithe má tá íomhánna ó cheamara deaise acu.
Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ


