Tá sé dearbhaithe ag seirbhís monatóireachta aeráide an Aontais Eorpaigh, Corpernicus, go raibh 2025 ar an tríú bliain ba theo riamh ar domhan ó tosaíodh ag coinneáil taifead.
De réir na tuarascála is deireanaí ó Copernicus, le trí bliana anuas bhí meánteocht na cruinne os cionn 1.5 céim níos airde ná an mheánteocht a bhí ann idir na blianta 1850-1900, tráth a tosaíodh ag dó breoslaí iontaise as éadan agus ar bhonn tionsclaíoch.
Seo an chéad uair an teocht a bheith níos airde ná 1.5 céim trí bliana as a chéile.
Deirtear freisin sa tuarascáil go raibh an t-aon bhliain déag idir 2015-2025 ar an aon bhliain déag ba theo riamh.
Dúirt an saineolaí Florian Pappenberger, a bhí bainteach leis an tuarascáil, gur ábhar mór buartha atá sa staidreamh is deireanaí.
Tar éis an tsaoil, tarraingíonn agus cothaíonn trioblóid trioblóid eile i gcúrsaí athraithe aeráide, arsa sé.
Dá theo an t-atmaisféar is ea is mó taisligh a choinníonn sé, agus is mó báistí a chuirfeas sé agus is mó tubaiste aimsire a bheas ann dá bhíthin sin.
Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ


