Skip to main content
< ar ais go TG4.ie

Nuacht TG4

 

2025 ar an tríú bliain ba theo riamh

14 EANÁIR 2026, 09:19

Tuilleadh tarluithe adhaimsire geallta ar fud an domhain mar gheall ar an athrú aeráide
X Facebook

Tá sé dearbhaithe ag seirbhís monatóireachta aeráide an Aontais Eorpaigh, Corpernicus, go raibh 2025 ar an tríú bliain ba theo riamh ar domhan ó tosaíodh ag coinneáil taifead.

De réir na tuarascála is deireanaí ó Copernicus, le trí bliana anuas bhí meánteocht na cruinne os cionn 1.5 céim níos airde ná an mheánteocht a bhí ann idir na blianta 1850-1900, tráth a tosaíodh ag dó breoslaí iontaise as éadan agus ar bhonn tionsclaíoch.

Seo an chéad uair an teocht a bheith níos airde ná 1.5 céim trí bliana as a chéile.

Deirtear freisin sa tuarascáil go raibh an t-aon bhliain déag idir 2015-2025 ar an aon bhliain déag ba theo riamh.

Dúirt an saineolaí Florian Pappenberger, a bhí bainteach leis an tuarascáil, gur ábhar mór buartha atá sa staidreamh is deireanaí.

Tar éis an tsaoil, tarraingíonn agus cothaíonn trioblóid trioblóid eile i gcúrsaí athraithe aeráide, arsa sé.

Dá theo an t-atmaisféar is ea is mó taisligh a choinníonn sé, agus is mó báistí a chuirfeas sé agus is mó tubaiste aimsire a bheas ann dá bhíthin sin.

Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ