Tá sé fógartha ag Uachtarán na Stát Aontaithe Donald Trump go bhfuil "bord síochána" bunaithe aige, cuid a dó den phlean atá dréachtaithe aige d'fhonn deireadh a chur leis an gcogaíocht in Gaza agus an chríoch Phalaistíneach a athchóiriú.
I ráiteas bladhmannach bóibéiseach, mhaígh Trump gurb é "an bord is fearr agus is measúla dar tugadh le chéile riamh é ag aon am in aon áit".
Tar éis gur mhol sé an bord go spéir, thug Trump le tuiscint nach raibh na baill roghnaithe fós ach dúirt go n-ainmneofaí iad "go gairid".
Is cosúil go mbeidh sé de chúram ar an mbord "Fórsa Idirnáisiúnta Cobhsaithe" a thabhairt le chéile in Gaza agus fórsa nua póilíneachta Palaistíneach a bhunú ann.
Dealraíonn sé freisin go bhfuil glactha ag Hamas leis an mbord ó dúirt ball sinsearach den eagraíocht sin inné gur "faoi na Meiriceánaigh agus faoin bpobal idirnáisiúnta a bhí sé an bord a údarú".
Tá Hamas in ainm agus a gcuid arm a chur de láimh de réir plean Trump ach ní cosúil faoi láthair go bhfuil an bhara sin fúthu.
Teastaíonn ó Hamas agus ó bhunáite na bPalaistíneach go dtarraingeoidh fórsaí míleata Iosrael amach as Gaza ach is dóichí i ndáiríre gur fada go dtarlóidh sin, má tharlóidh.
Lag a gcumhacht Hamas ar aon chor agus gan samhail acu ach ál gan uachtarán.
Tháinig feidhm le cuid a haon de phlean Trump ar an 10 Deireadh Fómhair anuraidh nuair a cuireadh deireadh go hoifigiúil leis an gcogaíocht in Gaza.
Deireadh mar dhóigh de a bhí ann, áfach, óir áirítear gur mharaigh fórsaí míleata Iosrael barr ar 400 Palaistíneach sa limistéar ó shin.
Ina aice sin, tá cuid mhór de mhuintir Gaza fágtha gan riar a gcáis i gcónaí agus is go mall agus ina miona atá cabhair dhaonnúil ag teacht chomh fada leo.
Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ


