Skip to main content
< ar ais go TG4.ie

Nuacht TG4

 

Gaza: bord nua 'ar an mbord is fearr riamh ar bith'

16 EANÁIR 2026, 10:42

'Scoil scairte' in Beit Lahia, Gaza. Súil ag Palaistínigh go n-atógfar bonneagar oideachais Gaza ó bhonn gan mhoill.
X Facebook

Tá sé fógartha ag Uachtarán na Stát Aontaithe Donald Trump go bhfuil "bord síochána" bunaithe aige, cuid a dó den phlean atá dréachtaithe aige d'fhonn deireadh a chur leis an gcogaíocht in Gaza agus an chríoch Phalaistíneach a athchóiriú.

I ráiteas bladhmannach bóibéiseach, mhaígh Trump gurb é "an bord is fearr agus is measúla dar tugadh le chéile riamh é ag aon am in aon áit".

Tar éis gur mhol sé an bord go spéir, thug Trump le tuiscint nach raibh na baill roghnaithe fós ach dúirt go n-ainmneofaí iad "go gairid".

Is cosúil go mbeidh sé de chúram ar an mbord "Fórsa Idirnáisiúnta Cobhsaithe" a thabhairt le chéile in Gaza agus fórsa nua póilíneachta Palaistíneach a bhunú ann.

Dealraíonn sé freisin go bhfuil glactha ag Hamas leis an mbord ó dúirt ball sinsearach den eagraíocht sin inné gur "faoi na Meiriceánaigh agus faoin bpobal idirnáisiúnta a bhí sé an bord a údarú".

GAZA CITY, GAZA - JANUARY 12: Palestinians gather to receive hot meal, distributed by charity organizations, as the food crisis continues due to limited humanitarian aid in Nuseirat Refugee Camp, located in the central Gaza Strip on January 12, 2026. A large number of Palestinians, including childre
Sciob sceab ar an bpota mine i gCathair Gaza

Tá Hamas in ainm agus a gcuid arm a chur de láimh de réir plean Trump ach ní cosúil faoi láthair go bhfuil an bhara sin fúthu.

Teastaíonn ó Hamas agus ó bhunáite na bPalaistíneach go dtarraingeoidh fórsaí míleata Iosrael amach as Gaza ach is dóichí i ndáiríre gur fada go dtarlóidh sin, má tharlóidh.

Lag a gcumhacht Hamas ar aon chor agus gan samhail acu ach ál gan uachtarán.

Tháinig feidhm le cuid a haon de phlean Trump ar an 10 Deireadh Fómhair anuraidh nuair a cuireadh deireadh go hoifigiúil leis an gcogaíocht in Gaza.

Deireadh mar dhóigh de a bhí ann, áfach, óir áirítear gur mharaigh fórsaí míleata Iosrael barr ar 400 Palaistíneach sa limistéar ó shin.

Ina aice sin, tá cuid mhór de mhuintir Gaza fágtha gan riar a gcáis i gcónaí agus is go mall agus ina miona atá cabhair dhaonnúil ag teacht chomh fada leo.

Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ