Skip to main content
< back to TG4.ie

Irish News

 

Cúigear ar fad á gcoinneáil anois faoi dhúnmharú Wayne Reid

17 JANUARY 2026, 11:11

Wayne Reid a dúnmharaíodh i gCúl Raithín
X Facebook

Tá ceathrar gafa ag na póilíní i dtuaisceart Éireann i dtaca leis an bhfiosrúchán atá ar bun acu faoi dhúnmharú Wayne Reid i gContae Dhoire níos túisce sa mhí.

Tá triúr ban, a bhfuil aoiseanna 39, 33 agus 28 acu chomh maith le fear 41 bliain d'aois gafa ó inné agus tá siad fós á gcoinneáil.

Gabhadh fear eile 33 bliain d'aois maidir leis an dúnmharú céanna Dé Céadaoin seo caite.

Tá seisean fós faoi choinneáil freisin.

Fuarthas corp Wayne Reid (43) i dteach cónaithe i gceantar an Society Court i gCúl Raithín Dé Luain seo caite.

Creideann na póilíní go mba fhéidir go raibh Wayne Reid páirteach in achrann éigin sna laethanta sular dúnmharaíodh é.