Tá ceathrar gafa ag na póilíní i dtuaisceart Éireann i dtaca leis an bhfiosrúchán atá ar bun acu faoi dhúnmharú Wayne Reid i gContae Dhoire níos túisce sa mhí.
Tá triúr ban, a bhfuil aoiseanna 39, 33 agus 28 acu chomh maith le fear 41 bliain d'aois gafa ó inné agus tá siad fós á gcoinneáil.
Gabhadh fear eile 33 bliain d'aois maidir leis an dúnmharú céanna Dé Céadaoin seo caite.
Tá seisean fós faoi choinneáil freisin.
Fuarthas corp Wayne Reid (43) i dteach cónaithe i gceantar an Society Court i gCúl Raithín Dé Luain seo caite.
Creideann na póilíní go mba fhéidir go raibh Wayne Reid páirteach in achrann éigin sna laethanta sular dúnmharaíodh é.


