Tá an Teachta Dála,Fianna Fáileach, Michael Cahill i ndiaidh seasamh i leataobh ó Choiste Dlí an Oireachtais.
An Taoiseach Michéal Martin a thug an méid sin le fios níos túisce inniu.
Baineadh cead tiomána de Mhichael Cahill ar feadh 2 bhliain ó ciontaíodh é i dtiomáint chontúirteach a bheith ar bun aige anuraidh.
Rugadh air ag tiomáint le ró-luas de 190 ciliméadar san uair ar mhótarbhealach an M8 i gContae Chorcaí i mí na Márta seo caite.
Tá a leithscéal gafa ag an Teachta Cahill faoinar tharla.
Dúirt sé go raibh náire air agus nár chóir dó gach a ndearna sé a dhéanamh.
Tá Michael Cahill ina Theachta Dála do Chiarraí ó toghadh é san olltoghchán deiridh i 2024.


