Skip to main content
< ar ais go TG4.ie

Nuacht TG4

 

An Teachta Michael Cahill le seasamh i leataobh ón gCoiste Dlí

17 EANÁIR 2026, 12:31

An Teachta Dála Michael Cahill atá curtha den bhóthar
X Facebook

Tá an Teachta Dála,Fianna Fáileach, Michael Cahill i ndiaidh seasamh i leataobh ó Choiste Dlí an Oireachtais.

An Taoiseach Michéal Martin a thug an méid sin le fios níos túisce inniu.

Baineadh cead tiomána de Mhichael Cahill ar feadh 2 bhliain ó ciontaíodh é i dtiomáint chontúirteach a bheith ar bun aige anuraidh.

Rugadh air ag tiomáint le ró-luas de 190 ciliméadar san uair ar mhótarbhealach an M8 i gContae Chorcaí i mí na Márta seo caite.

Tá a leithscéal gafa ag an Teachta Cahill faoinar tharla.

Dúirt sé go raibh náire air agus nár chóir dó gach a ndearna sé a dhéanamh.

Tá Michael Cahill ina Theachta Dála do Chiarraí ó toghadh é san olltoghchán deiridh i 2024.