Skip to main content
< back to TG4.ie

Irish News

 

An chéad Phlean Náisiúnta do Sheirbhísí Poiblí Gaeilge foilsithe

20 JANUARY 2026, 21:27

Is cuid é an Plean de bheart an Rialtais lena chinntiú gur cainteoirí líofa Gaeilge a bheidh in 20% den fhoireann a fhostófar sa tseirbhís phoiblí faoin bhliain 2030.
X Facebook

Tá ionad lárnach do sheirbhísí Gaeilge, seirbhís lárnach aistriúcháin, agus feachtais náisiúnta eolais i measc an bhreis is 100 beartas atá sa bplean gnímh nua ar ghlac an rialtas leis inniu le feabhas a chur ar sheirbhísí Gaeilge san earnáil phoiblí.

Is cuid é an Plean Náisiúnta um Sheirbhísí Poiblí Gaeilge 2026-2028 de bheart an Rialtais lena chinntiú gur cainteoirí líofa Gaeilge a bheidh in 20% den fhoireann a fhostófar sa tseirbhís phoiblí faoin bhliain 2030.

Seo an chéad Phlean dá leithéid riamh ó bunaíodh an Stát agus tá sé i gceist go mbeidh sé ina bhuncloch le seirbhís phoiblí iomlán dhátheangach a chur ar fáil faoi Achtanna na dTeangacha Oifigiúla 2003 agus 2021.

Dúirt an tAire Dara Calleary inniu go leagann an "plean uaillmhianach seo amach céimeanna soiléire agus intomhaiste a bheidh" le cur i bhfeidhm "sna blianta amach romhainn chun seirbhís phoiblí dhátheangach, agus go deimhin sochaí dhátheangach, iomlán a bhaint amach, i gcomhréir le gealltanais Chlár an Rialtais."

An Struchtúr Reatha a Neartú:

Leis an struchtúr atá sa tseirbhís phoiblí fá láthair a láidriú, deirtear sa phlean go "scrúdófar na féidearthachtaí" le:

- Moil nó clinicí seirbhísí a bhunú ar bhonn píolótach leis na príomh sheirbhísí poiblí a chur ar fáil do phobal na Gaeltachta agus lucht labhartha na Gaeilge taobh amuigh den Ghaeltacht.

- Athbhrandáil iomlán a dhéanamh ar na seirbhísí a chuirtear ar fáil i nGaeilge, le muinín an phobail sna seirbhísí sin a chothú

- Seirbhís Chomhroinnte Aistriúcháin a bhunú don earnáil phoiblí le cur chuige caighdeánach agus comhordaithe a chinntiú maidir le cúrsaí aistriúcháin a bheidh ar an múnla céanna atá i bhfeidhm in Institiúidí an Aontais Eorpaigh.

Tá sé i gceist leas éifeachtach a bhaint as córas Oifigigh na dTeangacha Oifigiúla trí Chiste Nuálaíochta a bhunú ar bhonn trialach agus córas agus searmanas gradam a fhorbairt leis an nuáil a spreagadh. Chomh maith leis sin bunófar gréasán faoi leith d'Oifigigh na dTeangacha Oifigiúla, cuirfear nuachtlitir uair sa ráithe agus eagrófar seimineáir eolais rialta.

Oiliúint, earcaíocht agus cumas teanga:

Molann an coiste comhairleach a réitigh an plean go gcinnteofaí go mbeidh seirbhís phoiblí ar bith a chuirfidh comhlacht poiblí ar fáil i nGaeilge "ar chomhchéim ar a laghad" leis an tseirbhís chéanna a chuirtear ar fáil i mBéarla.

Moltar fosta "chomh fada agus is féidir" aird ar leith a thabhairt ar sheirbhísí leochaileacha a chur ar fáil go dátheangach i gcomhthéacsanna sláinte, póilíneachta agus leasa sóisialaí – "do dhaoine scothaosta agus do dhaoine óga go háirithe."

Deirtear sa phlean gur sna postanna a mbíonn teangháil leis an phobal i gceist iontu a chaithfear a chinntiú go mbeidh Gaeilge ag na daoine a fhostófar. Orthu siúd beidh:

  • Seirbhísí Fáiltithe /Seirbhísí Gutháin/Línte Cabhracha/ Lasc-chláir
  • Seirbhísí Comhrá ar an Idirlíon
  • Seirbhísí Cuntair in oifigí poiblí
  • Seirbhísí Allamuigh
  • Seirbhísí Cliniciúla
  • Seirbhísí Póilíneachta
  • Seirbhísí Leasa Shóisialaí

Deirtear go gcuideofar le comhlachtaí poiblí cur chuige "gníomhach" a fhorbairt maidir le seirbhísí Gaeilge a chur ar fáil – ciallaíonn gníomhach go ndéanfaí seirbhísí Gaeilge a thairiscint don phobal sula mbeidh orthu iad a iarraidh.

Scrúdúfar straitéisí le cumas Gaeilge na foirne reatha a mhéadú agus an fhoireann a spreagadh le cúrsaí oiliúna caighdeánaithe.

Cláir Oiliúna:

Déanfar forbairt agus leathú ar shainchláir oiliúna i nGaeilge, mar shampla:

  • an Scéim Scoláireachta Leighis,
  • an Idirbhliain i scoileanna dara leibhéal,
  • Intéirneachtaí i gcúrsaí tríú leibhéal,
  • Printíseachtaí,
  • Cáilíochtaí Leibhéal 8 ar an gCreat Náisiúnta Cáilíochtaí (CNC),
  • modúil agus micridhintiúr

Is go dátheangach nó i nGaeilge amháin a fhógrófar gach comórtas earcaíochta do phost a bhfuil riachtanas Gaeilge luaite leis agus cuirfear na cáipéisí uilg a bhaineann leis ar fáil go dátheangach nó i nGaeilge amháin.

Iarrtar go ndéanfaí forbairt ar chóras aontaithe ilphointí teagmhála d’oibrithe san earnáil phoiblí a bhfuil an Ghaeilge ar a dtoil acu, agus socrófar bealaí éagsúla a chuirfeadh in iúl don phobal go bhfuil Gaeilge ag duine atá ag obair in oifig phoiblí – "siombailí, lipéid, suaitheantais, bróidnéireacht, sínithe ríomhphoist srl…"

Leis na fadhbanna a bhaineann le seoltaí i nGaeilge sa chóras Eircode a réiteach, deirtear go mbeidh "príomhpháirtithe leasmhara rannpháirteach go réamhghníomhach san obair, bainfear leas as struchtúir reatha agus, nuair is gá, beidh tacaíocht ann chun struchtúir úra a chur ar bun."

Beidh ar chomhlachtaí poiblí eolas a thabhairt ina dtuarascálacha bliantúla faoi líon na gcainteoirí Gaeilgeoirí a d’earcaigh siad an bhliain sin.

Gealltar sa phlean freisin go gcuirfear tacaíocht, oiliúint agus acmhainní ar fáil d’Oifigigh na dTeangacha Oifigiúla, na hoifigigh atá le ceapadh i gcomhlachtaí poiblí chun plé lena ndualgais teanga.

An Teicneolaíocht:

Bainfear leas as forbairtí san Inleacht Shaorga leis an Ghaeilge a neadú i bhforbairtí san intleacht shaorga.

Fiosrófar bealaigh lena bhféadfadh an pobal a rogha teanga (Gaeilge agus/nó Béarla) a chlárú in aon áit amháin le go bhféadfaí an t-eolas sin a úsáid sna seirbhísí poiblí coitianta éagsúla.

Moltar fosta, uirlisí profála Gaeilge agus comhéadain Ghaeilge a chur ar fáil go "réamhghníomhach" ar ríomhairí agus ar fhóin phóca d’oibrithe sna hoifigí poiblí, nuair a bhíonn a leithéid ar fáil.

Úsáid sonraí le Rath an phlean a mheas: Deirtear sa tuarascáil nach féidir an rath a bheidh ar sholáthar na seirbhísí poiblí i nGaeilge "a thomhais go héasca trí mhodhanna geilleagracha" agus gur mhór an cuidiú é dá mbeadh breis "sonraíochta staitistiúil agus riaracháin" ar fáil leis an dul chun cinn a mheas. "D’fhéadfaí a rá go mbraitheann rath na hiarrachtaí (sic) uile ar an bhfaisnéis seo a bheith ar fáil fiú."

Measúnú agus monatóireacht an Phlean: Beidh ar an Choiste tuarascáil ar dhul chun cinn an Phlean le bliain roimhe sin a chur ar fáil don Aire agus don Choimisinéir Teanga. Cuirfidh an Coimisinéir Teanga tráchtaireacht faoi bhráid an Aire taobh istigh de 6 mhí dá oifig an tuarascáil a fháil. Beidh 3 mhí ag an Aire ansin an tráchtaireacht agus an tuarascáil a chur faoi bhráid an Rialtais agus, "a luaithe is féidir ina dhiaidh sin," cóipeanna den tuarascáil agus den tráchtaireacht a leagan faoi bhráid dhá theach an Oireachtais agus a fhoilsiú ar shuíomh idirlín an Oireachtais.