Tá ionad lárnach do sheirbhísí Gaeilge, seirbhís lárnach aistriúcháin, agus feachtais náisiúnta eolais i measc an bhreis is 100 beartas atá sa bplean gnímh nua ar ghlac an rialtas leis inniu le feabhas a chur ar sheirbhísí Gaeilge san earnáil phoiblí.
Is cuid é an Plean Náisiúnta um Sheirbhísí Poiblí Gaeilge 2026-2028 de bheart an Rialtais lena chinntiú gur cainteoirí líofa Gaeilge a bheidh in 20% den fhoireann a fhostófar sa tseirbhís phoiblí faoin bhliain 2030.
Seo an chéad Phlean dá leithéid riamh ó bunaíodh an Stát agus tá sé i gceist go mbeidh sé ina bhuncloch le seirbhís phoiblí iomlán dhátheangach a chur ar fáil faoi Achtanna na dTeangacha Oifigiúla 2003 agus 2021.
Dúirt an tAire Dara Calleary inniu go leagann an "plean uaillmhianach seo amach céimeanna soiléire agus intomhaiste a bheidh" le cur i bhfeidhm "sna blianta amach romhainn chun seirbhís phoiblí dhátheangach, agus go deimhin sochaí dhátheangach, iomlán a bhaint amach, i gcomhréir le gealltanais Chlár an Rialtais."
An Struchtúr Reatha a Neartú:
Leis an struchtúr atá sa tseirbhís phoiblí fá láthair a láidriú, deirtear sa phlean go "scrúdófar na féidearthachtaí" le:
- Moil nó clinicí seirbhísí a bhunú ar bhonn píolótach leis na príomh sheirbhísí poiblí a chur ar fáil do phobal na Gaeltachta agus lucht labhartha na Gaeilge taobh amuigh den Ghaeltacht.
- Athbhrandáil iomlán a dhéanamh ar na seirbhísí a chuirtear ar fáil i nGaeilge, le muinín an phobail sna seirbhísí sin a chothú
- Seirbhís Chomhroinnte Aistriúcháin a bhunú don earnáil phoiblí le cur chuige caighdeánach agus comhordaithe a chinntiú maidir le cúrsaí aistriúcháin a bheidh ar an múnla céanna atá i bhfeidhm in Institiúidí an Aontais Eorpaigh.
Tá sé i gceist leas éifeachtach a bhaint as córas Oifigigh na dTeangacha Oifigiúla trí Chiste Nuálaíochta a bhunú ar bhonn trialach agus córas agus searmanas gradam a fhorbairt leis an nuáil a spreagadh. Chomh maith leis sin bunófar gréasán faoi leith d'Oifigigh na dTeangacha Oifigiúla, cuirfear nuachtlitir uair sa ráithe agus eagrófar seimineáir eolais rialta.
Oiliúint, earcaíocht agus cumas teanga:
Molann an coiste comhairleach a réitigh an plean go gcinnteofaí go mbeidh seirbhís phoiblí ar bith a chuirfidh comhlacht poiblí ar fáil i nGaeilge "ar chomhchéim ar a laghad" leis an tseirbhís chéanna a chuirtear ar fáil i mBéarla.
Moltar fosta "chomh fada agus is féidir" aird ar leith a thabhairt ar sheirbhísí leochaileacha a chur ar fáil go dátheangach i gcomhthéacsanna sláinte, póilíneachta agus leasa sóisialaí – "do dhaoine scothaosta agus do dhaoine óga go háirithe."
Deirtear sa phlean gur sna postanna a mbíonn teangháil leis an phobal i gceist iontu a chaithfear a chinntiú go mbeidh Gaeilge ag na daoine a fhostófar. Orthu siúd beidh:
- Seirbhísí Fáiltithe /Seirbhísí Gutháin/Línte Cabhracha/ Lasc-chláir
- Seirbhísí Comhrá ar an Idirlíon
- Seirbhísí Cuntair in oifigí poiblí
- Seirbhísí Allamuigh
- Seirbhísí Cliniciúla
- Seirbhísí Póilíneachta
- Seirbhísí Leasa Shóisialaí
Deirtear go gcuideofar le comhlachtaí poiblí cur chuige "gníomhach" a fhorbairt maidir le seirbhísí Gaeilge a chur ar fáil – ciallaíonn gníomhach go ndéanfaí seirbhísí Gaeilge a thairiscint don phobal sula mbeidh orthu iad a iarraidh.
Scrúdúfar straitéisí le cumas Gaeilge na foirne reatha a mhéadú agus an fhoireann a spreagadh le cúrsaí oiliúna caighdeánaithe.
Cláir Oiliúna:
Déanfar forbairt agus leathú ar shainchláir oiliúna i nGaeilge, mar shampla:
- an Scéim Scoláireachta Leighis,
- an Idirbhliain i scoileanna dara leibhéal,
- Intéirneachtaí i gcúrsaí tríú leibhéal,
- Printíseachtaí,
- Cáilíochtaí Leibhéal 8 ar an gCreat Náisiúnta Cáilíochtaí (CNC),
- modúil agus micridhintiúr
Is go dátheangach nó i nGaeilge amháin a fhógrófar gach comórtas earcaíochta do phost a bhfuil riachtanas Gaeilge luaite leis agus cuirfear na cáipéisí uilg a bhaineann leis ar fáil go dátheangach nó i nGaeilge amháin.
Iarrtar go ndéanfaí forbairt ar chóras aontaithe ilphointí teagmhála d’oibrithe san earnáil phoiblí a bhfuil an Ghaeilge ar a dtoil acu, agus socrófar bealaí éagsúla a chuirfeadh in iúl don phobal go bhfuil Gaeilge ag duine atá ag obair in oifig phoiblí – "siombailí, lipéid, suaitheantais, bróidnéireacht, sínithe ríomhphoist srl…"
Leis na fadhbanna a bhaineann le seoltaí i nGaeilge sa chóras Eircode a réiteach, deirtear go mbeidh "príomhpháirtithe leasmhara rannpháirteach go réamhghníomhach san obair, bainfear leas as struchtúir reatha agus, nuair is gá, beidh tacaíocht ann chun struchtúir úra a chur ar bun."
Beidh ar chomhlachtaí poiblí eolas a thabhairt ina dtuarascálacha bliantúla faoi líon na gcainteoirí Gaeilgeoirí a d’earcaigh siad an bhliain sin.
Gealltar sa phlean freisin go gcuirfear tacaíocht, oiliúint agus acmhainní ar fáil d’Oifigigh na dTeangacha Oifigiúla, na hoifigigh atá le ceapadh i gcomhlachtaí poiblí chun plé lena ndualgais teanga.
An Teicneolaíocht:
Bainfear leas as forbairtí san Inleacht Shaorga leis an Ghaeilge a neadú i bhforbairtí san intleacht shaorga.
Fiosrófar bealaigh lena bhféadfadh an pobal a rogha teanga (Gaeilge agus/nó Béarla) a chlárú in aon áit amháin le go bhféadfaí an t-eolas sin a úsáid sna seirbhísí poiblí coitianta éagsúla.
Moltar fosta, uirlisí profála Gaeilge agus comhéadain Ghaeilge a chur ar fáil go "réamhghníomhach" ar ríomhairí agus ar fhóin phóca d’oibrithe sna hoifigí poiblí, nuair a bhíonn a leithéid ar fáil.
Úsáid sonraí le Rath an phlean a mheas: Deirtear sa tuarascáil nach féidir an rath a bheidh ar sholáthar na seirbhísí poiblí i nGaeilge "a thomhais go héasca trí mhodhanna geilleagracha" agus gur mhór an cuidiú é dá mbeadh breis "sonraíochta staitistiúil agus riaracháin" ar fáil leis an dul chun cinn a mheas. "D’fhéadfaí a rá go mbraitheann rath na hiarrachtaí (sic) uile ar an bhfaisnéis seo a bheith ar fáil fiú."
Measúnú agus monatóireacht an Phlean: Beidh ar an Choiste tuarascáil ar dhul chun cinn an Phlean le bliain roimhe sin a chur ar fáil don Aire agus don Choimisinéir Teanga. Cuirfidh an Coimisinéir Teanga tráchtaireacht faoi bhráid an Aire taobh istigh de 6 mhí dá oifig an tuarascáil a fháil. Beidh 3 mhí ag an Aire ansin an tráchtaireacht agus an tuarascáil a chur faoi bhráid an Rialtais agus, "a luaithe is féidir ina dhiaidh sin," cóipeanna den tuarascáil agus den tráchtaireacht a leagan faoi bhráid dhá theach an Oireachtais agus a fhoilsiú ar shuíomh idirlín an Oireachtais.


