Tá an t-iar-Fheisire Eorpach, Brian Crowley tar éis bháis in aois a 61 bhliana.
Ní raibh sé ar fónamh le tamall agus fuair sé bás go luath ar maidin inniu in Ospidéal na hOllscoile, Corcaigh mar a raibh cóir leighis á chur air.
Feisire Eorpach de chuid Fhianna Fáil agus Newamhspleách a bhí ann, agus toghadh cúig huaire chuig an bPairlimint Eorpach é.
Fear é a mheall vótaí go tréan, agus ba é a tháinig i gceann na n-iarrthóirí i ngach ceann de na toghcháin Eorpacha i 1994, 1999, 2004, 2009 agus2014.
Níor éirigh leis tacaíocht Mhicheál Martin a fháil le bheith ina iarrthóir do Fhianna Fáil i dtoghchán na huachtaránachta i 2011.
D'éirigh sé as an bpolaitíocht i 2019.
Bhain gortú mór dó nuair a thit sé d'fhoirgneamh agus é 16 bhliana d'aois, timpiste a d'fhág gan lúth na gcos é. B'éigean dó dul faoi scian roinnt uaireanta de bharr na timpiste sin, agus chaith roinnt blianta san ospidéal.
Maireann a mháthair Sally, a dheartháir agus a dheirfiúracha


