Skip to main content
< ar ais go TG4.ie

Nuacht TG4

 

Brian Crowley, iar-Fheisire Eorpach, tar éis bháis

23 EANÁIR 2026, 13:17

Brian Crowley, nach maireann, Na Toghchái Eorpacha 2014
X Facebook

Tá an t-iar-Fheisire Eorpach, Brian Crowley tar éis bháis in aois a 61 bhliana.

Ní raibh sé ar fónamh le tamall agus fuair sé bás go luath ar maidin inniu in Ospidéal na hOllscoile, Corcaigh mar a raibh cóir leighis á chur air.

Feisire Eorpach de chuid Fhianna Fáil agus Newamhspleách a bhí ann, agus toghadh cúig huaire chuig an bPairlimint Eorpach é.

Fear é a mheall vótaí go tréan, agus ba é a tháinig i gceann na n-iarrthóirí i ngach ceann de na toghcháin Eorpacha i 1994, 1999, 2004, 2009 agus2014.

Níor éirigh leis tacaíocht Mhicheál Martin a fháil le bheith ina iarrthóir do Fhianna Fáil i dtoghchán na huachtaránachta i 2011.

D'éirigh sé as an bpolaitíocht i 2019.

Bhain gortú mór dó nuair a thit sé d'fhoirgneamh agus é 16 bhliana d'aois, timpiste a d'fhág gan lúth na gcos é. B'éigean dó dul faoi scian roinnt uaireanta de bharr na timpiste sin, agus chaith roinnt blianta san ospidéal.

Maireann a mháthair Sally, a dheartháir agus a dheirfiúracha