Skip to main content
< back to TG4.ie

Irish News

An tUachtarán i mBéal Feirste ar chuairt 3 lá ó Thuaidh

04 FEBRUARY 2026, 14:18

Fáilte curtha roimh an Uachtarán go Caisleán Stormont ag an gCéadAire Michelle O'Neill agus an Leas-ChéadAire Emma Little-Pengelly
X Facebook

Tá an tUachtarán Catherine Connolly i mBéal Feirste tráthnóna agus tús curtha aici le cuairt 3 lá ar Thuaisceart Éireann, an chéad chuairt oifigiúil ag a Soilse.

Is iad an ChéadAire Michelle O'Neill agus an Leas-ChéadAire Emma Little-Pengelly a chuir fáilte roimpi ag Caisleán Stormont.

Chas an tUachtarán ansin le polaiteoirí eile sa bhFeidhmeannas, sula ndeachaigh sí ag ionad spóirt de chuid Ollscoil na Banríona áit a raibh cruinniú aici leis an ngrúpa trasphobail The Peace Players, eagraíocht a chothaíonn muintearas idir an dá phobal ó thuaidh, ar an gcúirt cispheile.

I n-imeacht na mblianta tá deis caitheamh aimsire agus deis aithne a chur ar a chéile spreagtha ag an eagras i measc na mílte ógánach, le súil an deighilt pholaitiúil agus chreidimh a shárú.

President Catherine Connolly

Léirigh an tUachtarán Connolly a cumas spóirtiúil, ag aimsiú ciseáin go réidh, ceann acu agus a droim iompaithe aici leis an sprioc.

Deputy First Minister Emma Little Pengelly and First Minister Michelle O'Neill greeting President of Ireland Catherine Connolly at Stormont Castle
Tá aitheasc le tabhairt ag an Uachtarán amach sa lá in Ollscoil Uladh

Bhí sé geallta aici ina hóráid agus í á h-insealbhú gur ó thuaidh a bhí rún aici a ghabháil ar a céad cuairt oifigiúil, le bualadh le daoine den uile phobal lena gcúlra agus a n-oidhreacht shaibhir a cheiliúradh.

Tá sí freisin tráthnóna le cuairt a thabhairt ar thionscnaimh éagsúla pobail i mBéal Feirste, sula dtabharfaidh sí a haghaidh amárach ar Dhoire.

' />