Tá an tUachtarán Catherine Connolly i mBéal Feirste tráthnóna agus tús curtha aici le cuairt 3 lá ar Thuaisceart Éireann, an chéad chuairt oifigiúil ag a Soilse.
Is iad an ChéadAire Michelle O'Neill agus an Leas-ChéadAire Emma Little-Pengelly a chuir fáilte roimpi ag Caisleán Stormont.
Chas an tUachtarán ansin le polaiteoirí eile sa bhFeidhmeannas, sula ndeachaigh sí ag ionad spóirt de chuid Ollscoil na Banríona áit a raibh cruinniú aici leis an ngrúpa trasphobail The Peace Players, eagraíocht a chothaíonn muintearas idir an dá phobal ó thuaidh, ar an gcúirt cispheile.
I n-imeacht na mblianta tá deis caitheamh aimsire agus deis aithne a chur ar a chéile spreagtha ag an eagras i measc na mílte ógánach, le súil an deighilt pholaitiúil agus chreidimh a shárú.

Léirigh an tUachtarán Connolly a cumas spóirtiúil, ag aimsiú ciseáin go réidh, ceann acu agus a droim iompaithe aici leis an sprioc.
Bhí sé geallta aici ina hóráid agus í á h-insealbhú gur ó thuaidh a bhí rún aici a ghabháil ar a céad cuairt oifigiúil, le bualadh le daoine den uile phobal lena gcúlra agus a n-oidhreacht shaibhir a cheiliúradh.
Tá sí freisin tráthnóna le cuairt a thabhairt ar thionscnaimh éagsúla pobail i mBéal Feirste, sula dtabharfaidh sí a haghaidh amárach ar Dhoire.


