Tá deireadh don lá inniu curtha le cuardach na nGardaí i gContae Chill Mhantáin mar chuid dá bhfiosrúchán faoi bheirt bhan óga atá ar iarraidh ó na 1990aidí.
Inné a cuireadh tús leis an gcuardach i gcairéal in iarthar an chontae, suíomh atá ar an teorainn le Contae Chill Dara.
Síltear gur dúnmharaíodh Jo Jo Dullard agus Deirdre Jacob.
Bhí Jo Jo Dullard 21 bliain d'aois nuair a chonacthas í go deireanach i Maoin i gContae Chill Dara ar an 9 Samhain 1995.
Bhí sí ar a slí abhaile go Callainn, i gContae Chill Chainnigh as Baile Átha Cliath ag an am.
Ocht mbliana déag d'aois a bhí Deirdre Jacob nuair a chonacthas í go deireanach cóngarach dá teach cónaithe, i nDroichead Nua, i gContae Chill Dara ar an 28 Iúil 1998.
Tuigtear go bhfuil na Gardaí ag díriú ar nithe a aimsiú sa chuardach a d'fhéadfadh a bheith tábhachtach i dtaca le fianaise i gcás na mban.
Leanfar leis an gcuardach i gCill Mhantáin amárach.


