Skip to main content
< ar ais go TG4.ie

Nuacht TG4

 

Cuardach arís amárach - cás Jo Jo Dullard & Deirdre Jacob

17 FEABHRA 2026, 18:38

Jo Jo Dullard & Deirdre Jacob atá ar iarraidh ó na 1990idí
X Facebook

Tá deireadh don lá inniu curtha le cuardach na nGardaí i gContae Chill Mhantáin mar chuid dá bhfiosrúchán faoi bheirt bhan óga atá ar iarraidh ó na 1990aidí.

Inné a cuireadh tús leis an gcuardach i gcairéal in iarthar an chontae, suíomh atá ar an teorainn le Contae Chill Dara.

Gardai commence a search for the remains of JoJo Dullard and Deirdre Jacob

Síltear gur dúnmharaíodh Jo Jo Dullard agus Deirdre Jacob.

JoJo Dullard and Deirdre Jacob disappeared in the 1990s
Jo Jo Dullard agus Deirdre Jacob, atá ar iarraidh agus a chreidtear a dúnmharaíodh

Bhí Jo Jo Dullard 21 bliain d'aois nuair a chonacthas í go deireanach i Maoin i gContae Chill Dara ar an 9 Samhain 1995.

Jo Jo Dullard atá ar iarraidh ón 9 Samhain 1995

Bhí sí ar a slí abhaile go Callainn, i gContae Chill Chainnigh as Baile Átha Cliath ag an am.

Deirdre Jacob atá ar iarraidh ón 28 Iúil 1998

Ocht mbliana déag d'aois a bhí Deirdre Jacob nuair a chonacthas í go deireanach cóngarach dá teach cónaithe, i nDroichead Nua, i gContae Chill Dara ar an 28 Iúil 1998.

Tuigtear go bhfuil na Gardaí ag díriú ar nithe a aimsiú sa chuardach a d'fhéadfadh a bheith tábhachtach i dtaca le fianaise i gcás na mban.

Leanfar leis an gcuardach i gCill Mhantáin amárach.