Tá sé fógartha ag an Aire Oideachais, Hildegarde Naughton, go bhfuil an t-athbhreithniú a bhí ar bun maidir le líon na gCúntóirí Riachtanas Speisialta i scoileanna na tíre, curtha ar athló.
Déanadh an cinneadh, a deir an tAire, mar gheall ar an imní atá ar roinnt scoileanna go gcaillfeadh siad Cúntóirí Riachtanas Speisialta ó mhí Mheán Fómhair.
Sa Dáil inniu, dúirt páirtithe an fhreasúra nach leor an plean a chur ar athló agus go gcaithfear deireadh ar fad a chur lena bhfuil beartaithe.
Bhí litreacha faighte ag scata scoileanna ag insint dóibh go mbeadh líon na gCúntóirí Riachtanas Speisialta a bheadh acu ó Mheán Fómhair ag ísliú.
Deir an tAire Oideachais Hildegarde Naughton go bhfuil an Rialtas ag éisteacht leo.


