Skip to main content
< ar ais go TG4.ie

Nuacht TG4

 

Athbhreithniú ar líon na gCúntóirí Riachtanas Speisialta ar athló

17 FEABHRA 2026, 18:30

An t-athbhreithniú a bhí ar bun ar líon na gCúntóirí Riachtanas Speisialta i scoileanna na tíre curtha ar athló
X Facebook

Tá sé fógartha ag an Aire Oideachais, Hildegarde Naughton, go bhfuil an t-athbhreithniú a bhí ar bun maidir le líon na gCúntóirí Riachtanas Speisialta i scoileanna na tíre, curtha ar athló.

Déanadh an cinneadh, a deir an tAire, mar gheall ar an imní atá ar roinnt scoileanna go gcaillfeadh siad Cúntóirí Riachtanas Speisialta ó mhí Mheán Fómhair.

Sa Dáil inniu, dúirt páirtithe an fhreasúra nach leor an plean a chur ar athló agus go gcaithfear deireadh ar fad a chur lena bhfuil beartaithe.

Bhí litreacha faighte ag scata scoileanna ag insint dóibh go mbeadh líon na gCúntóirí Riachtanas Speisialta a bheadh acu ó Mheán Fómhair ag ísliú.

Deir an tAire Oideachais Hildegarde Naughton go bhfuil an Rialtas ag éisteacht leo.