Leathmhilliún euro an meánphraghas atá ar áras cónaithe i mBaile Átha Cliath, de réir na bhfigiúirí is deireanaí ón bPríomh-Oifig Staidrimh.
Léiríonn figiúirí 2025 gur daoire áras cónaithe i nDún Laoghaire-Ráth an Dúin ná in aon cheantar eile i mBaile Átha Cliath agus sa Stát trí chéile. €680,000 a chosain sé ar an meán lonnú sa cheantar sin anuraidh.
Os a choinne sin, is saoire ná aon cheantar eile i mBaile Átha Cliath Fine Gall agus limistéar lár na cathrach, áit ar íocadh €475,000 ar an meán in 2025.
Taobh amuigh de Bhaile Átha Cliath, léiríonn na figiúirí nua gurb é Cill Mhantáin an réigiún is daoire, áit ar chosain an meánáras cónaithe €454,000 anuraidh.
Lena ais sin, agus thar aon áit eile sa Stát, ní chuirfeadh áit chónaithe i nDún na nGall poll chomh mór leis sin i gcuntas bainc duine, áit arbh é €195,000 an meánphraghas in 2025.
7% d'ardú a bhí ar phraghsanna tithe agus árasán ar fud an Stáit anuraidh, i gcomórtas le 8.7% d'ardú an bhliain roimhe sin.
Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ


