Skip to main content
< ar ais go TG4.ie

Nuacht TG4

 

€500,000 an meánphraghas ar áras cónaithe i mBaile Átha Cliath

18 FEABHRA 2026, 15:36

Ba shaoire áit chónaithe i bhFine Gall agus i lár na cathrach ná in aon cheantar eile i mBaile Átha Cliath anuraidh
X Facebook

Leathmhilliún euro an meánphraghas atá ar áras cónaithe i mBaile Átha Cliath, de réir na bhfigiúirí is deireanaí ón bPríomh-Oifig Staidrimh.

Léiríonn figiúirí 2025 gur daoire áras cónaithe i nDún Laoghaire-Ráth an Dúin ná in aon cheantar eile i mBaile Átha Cliath agus sa Stát trí chéile. €680,000 a chosain sé ar an meán lonnú sa cheantar sin anuraidh.

Os a choinne sin, is saoire ná aon cheantar eile i mBaile Átha Cliath Fine Gall agus limistéar lár na cathrach, áit ar íocadh €475,000 ar an meán in 2025.

Taobh amuigh de Bhaile Átha Cliath, léiríonn na figiúirí nua gurb é Cill Mhantáin an réigiún is daoire, áit ar chosain an meánáras cónaithe €454,000 anuraidh.

Lena ais sin, agus thar aon áit eile sa Stát, ní chuirfeadh áit chónaithe i nDún na nGall poll chomh mór leis sin i gcuntas bainc duine, áit arbh é €195,000 an meánphraghas in 2025.

7% d'ardú a bhí ar phraghsanna tithe agus árasán ar fud an Stáit anuraidh, i gcomórtas le 8.7% d'ardú an bhliain roimhe sin.

Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ