Tá fear go han-dona tinn in Ospidéal Beaumont i mBaile Átha Cliath de bharr ionsaí a rinneadh air i mBarra an Teampaill sa chathair go moch ar maidin inné.
Is ar Shráid Cope go gairid tar éis an mheán oíche a tharla an t-ionsaí.
Bhí an fear díreach tar éis teacht chun an cheantair ar scútar leictreach nuair a thug beirt fhear fogha faoi.
Ghoid siad an scútar uaidh agus bhuail siad é léi.
Tá na Gardaí ag iarraidh cúnamh ar an bpobal ainm a chur ar an bhfear a bhfuil tatú de bhratach ghorm agus bhán ar a sciathán deas aige a bhfuil an mana 'Ceol is Beatha' scríofa uirthi.
Is iad na Gardaí i Stáisiún Shráid na bPiarsach atá ag fiosrú an ionsaithe.
Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ


