Skip to main content
< ar ais go TG4.ie

Nuacht TG4

 

Fear a ionsaíodh i mBarra an Teampaill an-dona tinn

19 FEABHRA 2026, 17:56

Tá drochbhail ar an bhfear in Ospidéal Beaumont i mBaile Átha Cliath
X Facebook

Tá fear go han-dona tinn in Ospidéal Beaumont i mBaile Átha Cliath de bharr ionsaí a rinneadh air i mBarra an Teampaill sa chathair go moch ar maidin inné.

Is ar Shráid Cope go gairid tar éis an mheán oíche a tharla an t-ionsaí.

Bhí an fear díreach tar éis teacht chun an cheantair ar scútar leictreach nuair a thug beirt fhear fogha faoi.

Ghoid siad an scútar uaidh agus bhuail siad é léi.

Tá na Gardaí ag iarraidh cúnamh ar an bpobal ainm a chur ar an bhfear a bhfuil tatú de bhratach ghorm agus bhán ar a sciathán deas aige a bhfuil an mana 'Ceol is Beatha' scríofa uirthi.

Is iad na Gardaí i Stáisiún Shráid na bPiarsach atá ag fiosrú an ionsaithe.

Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ