Tá fear sna caogaidí gafa ag Gardaí a bhfuil dúnmharú an fheirmeora Michael Gaine i gCo Chiarraí á fhiosrú acu.
Fuarthas páirteanna de chorp Michael Gaine ar a fheirm sa Charraig Thoir ó thuaidh de Neidín i ndeisceart Chiarraí i mí na Bealtaine anuraidh, dhá mhí ó chonacthas go deireanach é.
Ag an am, ghabh na Gardaí fear a bhí fostaithe ag Michael Gaine mar oibrí feirme – Mike Kelley, iarshaighdiúir in Arm Mheiriceá – ach scaoil siad saor é go gairid ina dhiaidh sin.
56 bliain d'aois a bhí Michael Gaine a raibh aithne mhaith air i gcomharsanacht Neidín.
Níl ráite ag na Gardaí faoin bhfear a ghabh siad inniu ach go bhfuil sé faoi choinneáil acu i stáisiún Gardaí i gCo Chiarraí.
Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ


