Skip to main content
< ar ais go TG4.ie

Nuacht TG4

 

Fear gafa faoi dhúnmharú an fheirmeora Michael Gaine

24 FEABHRA 2026, 09:58

Bhí Michael Gaine ar iarraidh ar feadh dhá mhí sula bhfuarthas páirteanna dá chorp ar a fheirm sa Charraig Thoir i ndeisceart Chiarraí
X Facebook

Tá fear sna caogaidí gafa ag Gardaí a bhfuil dúnmharú an fheirmeora Michael Gaine i gCo Chiarraí á fhiosrú acu.

Fuarthas páirteanna de chorp Michael Gaine ar a fheirm sa Charraig Thoir ó thuaidh de Neidín i ndeisceart Chiarraí i mí na Bealtaine anuraidh, dhá mhí ó chonacthas go deireanach é.

Ag an am, ghabh na Gardaí fear a bhí fostaithe ag Michael Gaine mar oibrí feirme – Mike Kelley, iarshaighdiúir in Arm Mheiriceá – ach scaoil siad saor é go gairid ina dhiaidh sin.

56 bliain d'aois a bhí Michael Gaine a raibh aithne mhaith air i gcomharsanacht Neidín.

Níl ráite ag na Gardaí faoin bhfear a ghabh siad inniu ach go bhfuil sé faoi choinneáil acu i stáisiún Gardaí i gCo Chiarraí.

Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ