Maraíodh beirt in dhá thionóisc bhóthair a bhí i gCo na Mí ar maidin inniu.
Deir na Gardaí gur maraíodh bean sna daichidí nuair a bhuail dhá ghluaisteán faoina chéile ar bhóthar an N51 i mBaile Bháigh gar don Uaimh ag thart ar 7.45 ar maidin.
Paisinéir i gceann de na gluaisteáin a bhí sa bhean.
Gortaíodh go dona triúr eile a bhí sa ghluaisteán céanna, cailín sna déaga ina measc a bhfuil cóir leighis á chur uirthi in Ospidéal na Leanaí Shráid Temple.
Tugadh beirt bhan eile, an tiománaí agus an tríú paisinéir, go dtí Ospidéal Mhuire Lourdes i nDroichead Átha.
Gortaíodh freisin tiománaí an dara gluaisteán ach tuigtear nach bhfuil an duine sin go dona tinn.
Níos luaithe, maraíodh fear sna daichidí nuair a bhuail an veain a bhí sé a thiomáint agus leoraí faoina chéile ar mhótarbhealach an M3 i nDún Seachlainn ag thart ar 2 a chlog ar maidin.
D'éag an fear ar an mball agus tugadh a chorp go dtí Ospidéal Mhuire san Uaimh.
Gortaíodh tiománaí an leoraí agus tugadh é go hOspidéal Uí Chonghaile i mBaile Bhlainséir.
Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ


