Skip to main content
< ar ais go TG4.ie

Nuacht TG4

 

Fear agus bean maraithe i dtimpistí bóthair i gCo na Mí

12 MÁRTA 2026, 15:32

Maraíodh fear sna daichidí i dtimpiste bóthair a tharla ar mhótarbhealach an M3 i nDún Seachlainn i gCo na Mí go moch ar maidin
X Facebook

Maraíodh beirt in dhá thionóisc bhóthair a bhí i gCo na Mí ar maidin inniu.

Deir na Gardaí gur maraíodh bean sna daichidí nuair a bhuail dhá ghluaisteán faoina chéile ar bhóthar an N51 i mBaile Bháigh gar don Uaimh ag thart ar 7.45 ar maidin.

Paisinéir i gceann de na gluaisteáin a bhí sa bhean.

Gortaíodh go dona triúr eile a bhí sa ghluaisteán céanna, cailín sna déaga ina measc a bhfuil cóir leighis á chur uirthi in Ospidéal na Leanaí Shráid Temple.

Tugadh beirt bhan eile, an tiománaí agus an tríú paisinéir, go dtí Ospidéal Mhuire Lourdes i nDroichead Átha.

Gortaíodh freisin tiománaí an dara gluaisteán ach tuigtear nach bhfuil an duine sin go dona tinn.

Níos luaithe, maraíodh fear sna daichidí nuair a bhuail an veain a bhí sé a thiomáint agus leoraí faoina chéile ar mhótarbhealach an M3 i nDún Seachlainn ag thart ar 2 a chlog ar maidin.

D'éag an fear ar an mball agus tugadh a chorp go dtí Ospidéal Mhuire san Uaimh.

Gortaíodh tiománaí an leoraí agus tugadh é go hOspidéal Uí Chonghaile i mBaile Bhlainséir.

Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ