Skip to main content
< back to TG4.ie

Irish News

 

Fear sna fichidí maraithe i dtimpiste bóthair i lár-tíre

15 MARCH 2026, 13:21

Láthair na timpiste
X Facebook

Maraíodh fear i dtimpiste bóthair i gContae na hIarmhí go moch ar maidin inniu.

Tharla an timpiste go gairid roimh a 1 a chlog lámh leis an Mhuileann gCearr ar bhóthar an N4.

Tuigtear gur carr amháin a bhí páirteach sa timpiste agus gurb é an tiománaí, fear sna fichidí a maraíodh ar an láthair.

Tá an stráice de bhóthar an N4 idir an Muileann gCearr agus Ráth Eoghain dúnta fad is atá scrúdú dlíeolaíoch á dhéanamh ar an láthair.