Maraíodh fear i dtimpiste bóthair i gContae na hIarmhí go moch ar maidin inniu.
Tharla an timpiste go gairid roimh a 1 a chlog lámh leis an Mhuileann gCearr ar bhóthar an N4.
Tuigtear gur carr amháin a bhí páirteach sa timpiste agus gurb é an tiománaí, fear sna fichidí a maraíodh ar an láthair.
Tá an stráice de bhóthar an N4 idir an Muileann gCearr agus Ráth Eoghain dúnta fad is atá scrúdú dlíeolaíoch á dhéanamh ar an láthair.


