Tuairiscítear gur mharaigh fórsaí Iosrael ceathrar d'aon chlann amháin ar an mBruach Thiar.
Maraíodh na tuismitheoirí chomh maith le beirt chlann mhac dá gcuid nuair a scaoil saighdiúirí leis an gcarr ina raibh siad ann.
Dúirt duine den chlann a tháinig slán, buachaill 12 bliain d'aois gur lámhaigh saighdiúirí a bheirt deartháireacha, buachaill amháin 5 bhliana agus buachaill eile, 7 mbliana.
Goineadh deartháir níos óige ná é san ionsaí freisin.
Deirtear gur scaoileadh na hurchair le linn dá ngluaisteán a bheith stoptha lasmuigh de bhialann.
Deir na saighdiúirí gur bhraith siad féin faoi ionsaí ó lucht an ghluaisteáin, mar gur thiomáin an carr ina dtreo le luas agus gur scaoil na piléir dá réir.
Tá an eachtra á fiosrú ag ceannairí míleata.


