Skip to main content
< ar ais go TG4.ie

Nuacht TG4

 

Ceathrar maraithe ag fórsaí Iosrael ar an mBruach Thiar

15 MÁRTA 2026, 15:51

An buachaill óg a goineadh san eachtra ag fáil sóláis ó bhean mheánaosta
X Facebook

Tuairiscítear gur mharaigh fórsaí Iosrael ceathrar d'aon chlann amháin ar an mBruach Thiar.

Maraíodh na tuismitheoirí chomh maith le beirt chlann mhac dá gcuid nuair a scaoil saighdiúirí leis an gcarr ina raibh siad ann.

Dúirt duine den chlann a tháinig slán, buachaill 12 bliain d'aois gur lámhaigh saighdiúirí a bheirt deartháireacha, buachaill amháin 5 bhliana agus buachaill eile, 7 mbliana.

Goineadh deartháir níos óige ná é san ionsaí freisin.

Deirtear gur scaoileadh na hurchair le linn dá ngluaisteán a bheith stoptha lasmuigh de bhialann.

Deir na saighdiúirí gur bhraith siad féin faoi ionsaí ó lucht an ghluaisteáin, mar gur thiomáin an carr ina dtreo le luas agus gur scaoil na piléir dá réir.

Tá an eachtra á fiosrú ag ceannairí míleata.