Skip to main content
< back to TG4.ie

Irish News

 

Beirt fhear a ionsaíodh i Luimneach go dona tinn

18 MARCH 2026, 14:32

Is ar Shráid Áth Longfoirt i gcathair Luimnigh a ionsaíodh duine de na fir aréir
X Facebook

Tá cóir leighis á chur ar bheirt fhear a ionsaíodh in áiteacha éagsúla i gcathair Luimnigh aréir.

Ionsaíodh duine acu, fear sna caogaidí, ar Shráid Áth Longfoirt idir 9.30 agus 10 a chlog aréir.

Tuigtear gur éirigh idir roinnt daoine agus gur buaileadh an fear sa scliúchas.

Tugadh é chuig Ospidéal Ollscoile Luimnigh, áit a ndeirtear go bhfuil sé go han-dona tinn.

Tá fear sna fichidí gafa ag na Gardaí faoin ionsaí.

Fuarthas an dara fear ar Shráid San Alfonsas ag thart ar 3 a chlog ar maidin agus drochbhail air.

Tugadh eisean chuig Ospidéal na hOllscoile, Corcaigh, áit a ndeirtear go bhfuil sé go dona tinn.

Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ