Tá cóir leighis á chur ar bheirt fhear a ionsaíodh in áiteacha éagsúla i gcathair Luimnigh aréir.
Ionsaíodh duine acu, fear sna caogaidí, ar Shráid Áth Longfoirt idir 9.30 agus 10 a chlog aréir.
Tuigtear gur éirigh idir roinnt daoine agus gur buaileadh an fear sa scliúchas.
Tugadh é chuig Ospidéal Ollscoile Luimnigh, áit a ndeirtear go bhfuil sé go han-dona tinn.
Tá fear sna fichidí gafa ag na Gardaí faoin ionsaí.
Fuarthas an dara fear ar Shráid San Alfonsas ag thart ar 3 a chlog ar maidin agus drochbhail air.
Tugadh eisean chuig Ospidéal na hOllscoile, Corcaigh, áit a ndeirtear go bhfuil sé go dona tinn.
Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ


