Tháinig ardú míosúil de 0.1% ar phraghsanna tithe agus árasán sa Stát mí Eanáir seo caite, de réir figiúirí nua ón bPríomh-Oifig Staidrimh.
Ardú bliantúil de 7% a bhí i gceist sa dá mhí dhéag idir Eanáir 2025 agus Eanáir 2026, i gcomparáid le hardú de 6.9% sa dá mhí dhéag idir Nollaig 2024 agus Nollaig 2025.
Ardú de 6.1% a bhí i gceist i mBaile Átha Cliath agus ardú de 7.7% sa chuid eile den tír.
€389,986 an meánphraghas a bhí ar áras cónaithe go náisiúnta mí Eanáir.
€680,000 an meánphraghas ab airde a íocadh ar áras cónaithe agus ba i nDún Laoghaire-Ráth an Dúin i ndeisceart Chontae Bhaile Átha Cliath a bhí sé sin.
€190,000 an meánphraghas ab ísle a íocadh agus ba i gCo Dhún na nGall a bhí sé siúd.
Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ


