Skip to main content
< ar ais go TG4.ie

Nuacht TG4

 

Ardú de 7% ar phraghsanna tithe, árasán le bliain

18 MÁRTA 2026, 12:24

€389,986 an meánphraghas a bhí ar áras cónaithe go náisiúnta mí Eanáir seo caite
X Facebook

Tháinig ardú míosúil de 0.1% ar phraghsanna tithe agus árasán sa Stát mí Eanáir seo caite, de réir figiúirí nua ón bPríomh-Oifig Staidrimh.

Ardú bliantúil de 7% a bhí i gceist sa dá mhí dhéag idir Eanáir 2025 agus Eanáir 2026, i gcomparáid le hardú de 6.9% sa dá mhí dhéag idir Nollaig 2024 agus Nollaig 2025.

Ardú de 6.1% a bhí i gceist i mBaile Átha Cliath agus ardú de 7.7% sa chuid eile den tír.

€389,986 an meánphraghas a bhí ar áras cónaithe go náisiúnta mí Eanáir.

€680,000 an meánphraghas ab airde a íocadh ar áras cónaithe agus ba i nDún Laoghaire-Ráth an Dúin i ndeisceart Chontae Bhaile Átha Cliath a bhí sé sin.

€190,000 an meánphraghas ab ísle a íocadh agus ba i gCo Dhún na nGall a bhí sé siúd.

Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ