Skip to main content
< back to TG4.ie

Irish News

 

Cás cúirte sibhialta i gcoinne Gerry Adams tarraingthe siar

20 MARCH 2026, 18:10

Cás cúirte sibhialta i gcoinne Gerry Adams tarraingthe siar
X Facebook

Tá an cás cúirte sibhialta a bhí tógtha i gcoinne iar-cheannaire Shinn Féin, Gerry Adams tarraingthe siar.

Triúr a d'fhulaing de bharr buamaí difriúla a leag an tIRA sa Bhreatain a thóg an cás.

In Ardchúirt Shasana i Londain inniu, thug dlíodóirí ar son an triúir le fios nach mbeadh a gcliaint ag leanúint ar aghaidh leis an gcás.

Gerry Adams arrives at the Royal Courts of Justice in london

Bhí triúr fear ag tabhairt cás sibhialta in aghaidh Gerry Adams faoi thrí mhórionsaí buamála a rinne an tIRA i Sasana sna 1970idí agus sna 1990idí.

Ba iad sin; John Clark a gortaíodh i mbuamáil an Old Bailey i Londain ar an 8 Márta 1973; Jonathan Ganesh a gortaíodh i mbuamáil Cheantar na nDuganna ar an 9 Feabhra 1996; agus Barry Laycock a gortaíodh i mbuamáil Mhanchain ar an 15 Meitheamh 1996.

Líomhnaigh an triúr gur ball den IRA a bhí in Gerry Adams ag an am.

Ba é an lá inniu an lá deireanach den chás sibhialta seo a bhí tugtha in éadan Gerry Adams san Ardchúirt i Londain.

Le linn na héisteachta le coicís anuas shéan Adams go raibh sé ina bhall den IRA ná sna hionsaithe buamála sin.

Gerry Adams

Ní raibh Adams sa chúirt ar maidin ach I ráiteas ina dhaidh dúirt sé go rabh lúcháir air go rabh sé i measc daoine a chabhraigh le deireadh a chur leis an choimhlint sa Tuaisceart.

Dúirt sé gur tháinig sé i láthair na cúirte as meas ar na fir a thug an cás ina éadan, agus gur deireadh dearfach a bhí ar chás nár cheart a bheith tugtha.

Former Sinn Féin president Gerry Adams speaking to the media in Belfast

Thug mé dúshlán na líomhaintí a bhí m'éadan le mé féin a chosaint ar an smál agus ar na bréaga a bhí curtha i mo leith, a dúirt Gerry Adams.

Dhearbhaigh mé an ceart a bhain le cúis na Poblachta agus an ceart atá ag pobal na hÉireann ar a saoirse.

Ghabh sé buíochas lena bhean chéile Colette, le Sinn Féin, lena fhoireann dlí agus lena lucht tacaíochta.