Tá an cás dlí sibhialta a bhí tógtha i gcoinne iar-cheannaire Shinn Féin, Gerry Adams tarraingthe siar.
Triúr a d'fhulaing de bharr buamaí difriúla a leag an tIRA sa Bhreatain a thóg an cás.
In Ardchúirt Shasana i Londain inniu, thug dlíodóirí ar son an triúir le fios nach mbeadh a gcliaint ag leanúint ar aghaidh leis an gcás.
Bhí triúr fear ag tabhairt cás sibhialta in aghaidh Gerry Adams faoi thrí mhórionsaí buamála a rinne an tIRA i Sasana sna 1970idí agus sna 1990idí.
Ba iad sin; John Clark a gortaíodh i mbuamáil an Old Bailey i Londain ar an 8 Márta 1973; Jonathan Ganesh a gortaíodh i mbuamáil Cheantar na nDuganna ar an 9 Feabhra 1996; agus Barry Laycock a gortaíodh i mbuamáil Mhanchain ar an 15 Meitheamh 1996.
Líomhnaigh an triúr gur ball den IRA a bhí in Gerry Adams ag an am.
Ba é seo é an chéad uair go raibh Gerry Adams ar a thriail faoi bhaint a bheith aige leis an IRA, rud a shéan sé go láidir i gcónaí riamh.
Tá fáilte curtha ag Gerry Adams roimh an cinneadh.


