Bhásaigh fear sna fichidí san ospidéal inné trí lá i ndiaidh dó a bheith gortaithe go dona i dtubaiste bóthair a bhí i gCo an Chláir.
Bhí baint ag gluaisrothar streachailte leictreach leis an tubaiste a tharla ar Bhóthar na Luachra i Sionainn ag thart ar 11.30 ar maidin Dé Sathairn.
Tugadh an fear ón láthair go dtí Ospidéal Ollscoile Luimnigh, mar ar éag sé inné.
Tá 40 duine maraithe i dtubaistí bóthair ar fud an Stáit go dtí seo i mbliana, i gcomparáid le 32 anuraidh.
Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ


