Skip to main content
< ar ais go TG4.ie

Nuacht TG4

 

Fear maraithe de bharr tubaiste bóthair i gCo an Chláir

25 MÁRTA 2026, 16:41

D'éag an fear in Ospidéal Ollscoile Luimnigh inné, trí lá i ndiaidh na tionóisce
X Facebook

Bhásaigh fear sna fichidí san ospidéal inné trí lá i ndiaidh dó a bheith gortaithe go dona i dtubaiste bóthair a bhí i gCo an Chláir.

Bhí baint ag gluaisrothar streachailte leictreach leis an tubaiste a tharla ar Bhóthar na Luachra i Sionainn ag thart ar 11.30 ar maidin Dé Sathairn.

Tugadh an fear ón láthair go dtí Ospidéal Ollscoile Luimnigh, mar ar éag sé inné.

Tá 40 duine maraithe i dtubaistí bóthair ar fud an Stáit go dtí seo i mbliana, i gcomparáid le 32 anuraidh.

Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ